Is Spailpin aerach tréitheach mise Is bígí soláthar mná dhom, Mar a scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach In éadan na dtaltaí bána, Mar a scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach In éadan na dtaltaí bána, Mo lámha ar an gcéachta a'm i ndiaidh na gcapall Agus réapfainnse cnoic le fána. Is mo chúig céad slán leat, a dhúthai m'athar, Is leis an oileán grámhar, Is leis an scata fear óg atá 'mo dhiaidh ag baile A dhéanfadh cabhair orm in am an ghátair, Tá Bleá Cliath dóite is tógfar Gaillimh, Beidh lasair a'ainn ar thinte cnámha, Beidh fíon agus beoir ar bord ag m'athair, Sin cabhair ag an Spailpín Fánach. Is an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise, ó bhí mé súgach sásta, Is an dara lá dár liostáil mise ó bhí mé buartha cráite, Ach an tríú lá dár liostáil mise, Thabharfainn cúig céad punt ar fhágáil, Ach dtá dtugainn sin is ar oiread eile Ní raibh mo phas le fáil agam. Agus bhí mise lá breá thíos i nGaillimh Is chuaigh an abhainn le fána, Bhi an breac is an eascainn is an beairtín slat ann Is chuile ní dá bhreátha, Bhí na mná óga ann muinte mánla Is iad a bhí tanaí tláithdheas, Ach dheamhan bean óg dár shuigh mise lé I nach gcuirfinn an dubh ar a mbán di. Agus b'fhaide liomsa lá a mbeinn i dteach gan charaid Ná dhá bhliain déag is ráithe, Mar is buachaillín aerach meanmach mise Agus' bhréagfainn an bhruinneall mhánla, Is dhá bhean déag a bhí ag éad is ag iomaí liom, Ag súil le tairfe mo láidhe, B'é paidir na caillí nuair a théinn thar a' táirseach, 'Now behave your self, a Spailpín Fánach'.