Ó chrá ort, a shagairt Uí Dhomhnaill
Ná dona go deo mar a d'imigh tú
Ó léigh sé an tAifreann Dé Domhnaigh
'S bhí sé maidin Dé Luain 'na mhinistir
Ó fill, ó fill, a rúin, ó
Fill, a rúin, ó, is ná himigh uaim
Ó fill, a chuisle 's a stóirín ó
Is gheobhaidh tú an ghlóir má phillín tú
Dá bhfeicfeadh sibh Neilí Dé Domhnaigh
'S a gúna bán go sála uirthi
Búclaí buí ina mbróga
'S í á tarraingt sa ród mar phúca
Ó fill, ó fill, a rúin, ó
Fill, a rúin, ó, is ná himigh uaim
Ó fill, a chuisle 's a stóirín ó
Is gheobhaidh tú an ghlóir má phillín tú
Tá mallacht na sagairt is na mbráithre leat
I do mhála ag imeacht duit
'S ná measa duit mallacht do mháthartha
Ná a bhaca tú a riamh den bhunadh sin
Ó fill, ó fill, a rúin, ó
Fill, a rúin, ó, is ná himigh uaim
Ó fill, a chuisle 's a stóirín ó
Is gheobhaidh tú an ghlóir má phillín tú
Ó, thréigh tú Peadar is Pól
Agus thréigh tú Eoin is an bhunadh sin
Ó thréigh tú an Mhaighdean 's a ghlór, is
Ná dona go deo mar a d'imigh tú
Ó fill, ó fill, a rúin, ó
Fill, a rúin, ó, is ná himigh uaim
Ó fill, a chuisle 's a stóirín ó
Is gheobhaidh tú an ghlóir má phillín tú
Поcмотреть все песни артиста