Inis Oírr, in Inis Oírr, ní raibh eolas agam ar fhaitíos Ná ar aon dólás a stopfadh gáire Go dtí an lá duairc úd nuair a sheol mo ghrá uaim Tháinig scamall ar an ngrian, 's é dorcha ina dhiaidh Cén fáth ar imigh tú sular spléach an sabhaircín Tríd an bhféarr a bhí bán ón ngaoth shearbh-ghoirt? Anseo cois na tine dúinn ba againn a bheadh toil ár gcroí Nárbh é an suaimhneas sámh seo ab fhearr dúinn? Lá éicint atá ceaptha amach tiocfaidh tú ar ais, a stór Do churach ar luas in aghaidh an taoille Le toil do mhuintir féin ar chraga Inis Meáin Le mo ghalar dúch a leigheas, más féidir é Inis Oírr, in Inis Oírr ó fanfaidh mé leat ann Ag sníomh na mbrionglóid' de ló 's d'oíche Go dtí, go mbeidh agat ór 's go mbeidh do thaisteal déanta Glacfaidh tú mé i do chroí, is tógfaidh sin an cian díom