Kishore Kumar Hits

Síle Denvir - Eileanóir a Rún lyrics

Artist: Síle Denvir

album: Anamnesis


Mo ghrá den chéad fhéachaint thú, a Eileanóir a Rún
Is ort a bhím a' smaoineamh tráth a mbím ar mo shuan
Mo ghrá den tsaol 's a chéad searc
Is tú is deise ná ban Éireann
A bhruinnilín deas óg, is tú is deise, milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean a'm ort
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
A Eileanóir a Rún
Bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann
'S bhí bua eile aici go dtóigfeadh sí an corp fuar ón mbás
Bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé
'Sí grá mo chroí is mo chéad searc
A bhruinnilín deas óg, is tú is deise, milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean a'm ort
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
A Eileanóir a Rún
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú, a Eileanóir a Rún?
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú
A chuid den tsaol 's a stór?
Ó tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé
Is maith a d'aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé

Поcмотреть все песни артиста

Other albums by the artist

Similar artists