Tair liom agus bí liom Taobh le taobh, cois ar chois Le faobhar na faille siar Féach agus feicfir Radharc úr na súl flúirseach Oscail poll balbh na cluaise Éist go géar le fothram mara Cloisir glórtha ó dhoimhneas uisce Fiafrófar duit, labhair agus freagair Oscail do mheabhair do radharc tíre Tair liom agus fan liom Taobh na faille suas in airde Ar scroilleach garbh Chinn Sratha Tair liom agus fan faram Taobh choróin na Gráige thairis Tabhair fén gcruach in airde Marcaigh tamall ar shrathar tíre Tabhair spoir do shrianta bréithre Siar síos go híor na spéire Túirling tamall agus clois aríst Focail mholta ó mhuir na sinsearachta Ahh haa haa haa Ahh haa haa haa haa Oooo hooo hooo hooo Ha ha ha ha Buail liom agus tair liom Mac, iníon nó leannán tí Athair, máthair, deartháir nó deirfiúr Duine gaolmhar nó comharsa suaite Dein t'fhaoistin ag Barra Cruaiche Abair do rún leis an Triúr Deirfiúr Le Ceann Sibéal agus Bréanainn thall Hmmm Hmmm Hmmm Hmmm