Kishore Kumar Hits

Muireann Nic Amhlaoibh - Bean Dubh A’ Ghleanna lyrics

Artist: Muireann Nic Amhlaoibh

album: Foxglove & Fuschia


Tá bó 'gam ar a' sliabh agus táim le seal 'na diaidh
Ó chailleas-sa mo chiall le nuachar
Na seoladh soir is siar ins' gach áit 'na ngabhann an ghrian
Ó mhaidin go mbuí 'n tráthnóna
'S nuair a dh'fhéachaim fhéin anonn insan áit ina mbíodh mo rún
Titeann ó m' shúil' sruth deora
'S a Rí Ghil na nGrást, go bhfóiríor ar mo chás
Mar 'sí 'n bhean dhubh ón ngleann do bhreoigh mé
Bean dubh a' ghleanna, an bhean dhubh do b'fhearra
An bhean ba dheise gáire
Na grua mar an sneachta 'sa píb mar an eala
'S a com seang, singil, álainn
Níl ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh
Nó 's siúd go Tuaim Uí Mheára
Na fuil ag triall is ag tarraingt ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn
Gheobhainnse bean sa Mhumhain, triúr ban i Laighin
Bean ón Rí geal Seoirse
Bean na lúbaí buí a bhfáiscfeadh mé lena croí
Bean is dhá mhíle bó léi
Iníon óg an Iarla thá go tinn, dubhach, diacrach
Na d'iarraidh mé fháilt le pósadh
Ach dá bhfaighinnse féin mo rogh' de mhnáibh, deasa an domhain
'Sí an bhean dhubh ón ngleann do thógfainn

Поcмотреть все песни артиста

Other albums by the artist

Similar artists