Seo dhíbh, a chairde, duan Ógláigh Caithréimeach bríomhar ceolmhar Ár dtinte cnámh go buacach táid 'S an spéir go mín réaltógach Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo 'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann Sinne Fianna Fáil, Atá faoi gheall ag Éirinn, Buíon dár slua Thar toinn do ráinig chugainn, Faoi mhóid bheith saor Seantír ár sinsear feasta, Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill. Anocht a théam sa bhearna baoil, Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil, Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar, Seo libh canaídh amhrán na bhfiann Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe Ba bhuadhach ár sinsir romhainn Ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin 'Tá thuas sa ghaoth go seolta Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh Gan iompáil siar ó imirt áir 'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann Sinne Fianna Fáil, Atá faoi gheall ag Éirinn, Buíon dár slua Thar toinn do ráinig chugainn, Faoi mhóid bheith saor Seantír ár sinsear feasta, Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill. Anocht a théam sa bhearna baoil, Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil, Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar, Seo libh canaídh amhrán na bhfiann