Chorus: 'Sí do mhaimeo í, 'sí do mhaimeo í 'Sí do mhaimeo í, cailleach an airgid 'Sí do mhaimeo í, ó Bhaile Inis Mhóir í 'S chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre Cois Fharraige Dá bhfeicfeá' an "steam" 'ghabhail siar Tóin Uí Loin' 'S na rothaí 'ghabhail timpeall siar ó na ceathrúnaí Chaithfeadh sí 'n stiúir naoi n-vair' ar a cúl 'S ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid (Chorus) 'Measann tú, 'bpósfa', 'measann tú 'bpósfa' 'Measann tú, 'bpósfa', cailleach an airgid? Tá's a'm nach 'bpósfa', tá's a'm nach 'bpósfa' Mar tá sé ró-óg 'gus d'ólfadh sé'n t-airgead (Chorus twice) 'S gairid go 'bpósfaidh, 's gairid go 'bpósfaidh 'S gairid go 'bpósfaidh, beirt ar an mbaile seo 'S gairid go 'bpósfaidh, 's gairid go 'bpósfaidh Séan Shéamais Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh (Chorus three times)