Agus thúas ag Gort A Chárnáin Tá áilne ban Éireann ' San té a gheobhadh ó nas máthair í. Budh lághach í le bréagadh A's og dtug mo chroidhe grádh di le páirt de'n dithchéille ' S d'éaluigh sí leis an táilliúr uaim ' Sé ránaidhe fear Éireann Tá mo ghrádh mar bhláth na náirne Bhíos ag fás i dtús an tsamhraidh Nó mar na faoileáiní bána Bhíos ag snámh ar na gleanntaibh. Nó mar bhéadh grian ós cionn Chárnáin Ins na sráide ag gabháil tímpeall A's mar siúd a bhíos mo ghrádh bán Ag déanamh rábhailte thrí m'intinn Éireofidh mé amárach Le fáinne an lae ghléghil A's déanfaidh mé mo dheaghrás Amach faoi na sléibhte. Fághfaidh mé mo bheannacht Ag mnáibh deas an tsaoghail seo A's dheanmhan a bhfillidh abhaile dhiom Go mbeidh an barr ag clainnaibih Éireann. Extra verse not sung (Ní shiubhalfaidh mé níos mó ar Na bóithribh seo agaibhse Ach tógfaidh mé mo sheólta Amach faoi na sléibhtibh Ólfaidh mé mo dhóthain Dia Domhnaigh S ní béidh mé ar meirge Mar shúil go bhfághainn blas do phóigín S tú mo stóirín, a bhláth na finne!)