Do labhair an tír mar theampall Bhí siúl na habhann boimpéiseach Do chrom go glúin na gleannta Bhí fíor na croise ar ghéaga ♪ Le soiscéal gaoithe d'éisteas Bhí naofacht ar an dtalamh Anseo do mhair mo chéadshearc Ó níor ghabhas an treo le fada ♪ Chonac saol mar scéal fiannaíochta Fadó fadó ar maidin A mhúnlaigh an tslat draíochta A bhíonn 'na láimh ag leanbh D'aiséirigh 'na taisléine Le solas ar a leacain 'S do thionlaic mé go gléineach Ar oilithreacht fám anam ♪ Anseo do mhair mo chéadshearc Ó níor ghabhas an treo le fada ♪ Tá aisling ann Is eol dom í Ag fiuchadh i mbroinn mo shamhail Lasair gheal gan chorp mar ghaoith Agus corp oiriúnach á impí aici